Tá cur chuige cothrom ach daingean ag an gcoláiste i leith riail na Gaeilge. Is dóigh linn mura bhfuil an iarracht inmhianaithe á déanamh ag scoláire an Ghaeilge a labhairt i gcónaí gur easpa líofachta agus muiníne sa teanga is cúis leis sin. Chuige seo cuireann an coláiste ranganna breise teagaisc ar fáil dóibh siúd a chloistear ag labhairt Béarla chun cur leis an líofacht seo. Reáchtáiltear na ranganna seo le linn am céilí gach oíche ó 7.30pm go 9.00pm.
Is dóigh linn gur cur chuige iomlánaíoch agus daonnachtúil é seo agus go dtugann sé luach iontach ar airgead mar gur “meilte” breise iad na ranganna seo go bunúsach a chuireann ár bhfoireann teagaisc a bhfuil taithí acu ar fáil.